Aithris 91
(91)
I bhfianaise chineál na gcóras intleachta saorga agus na rioscaí maidir leis an tsábháilteacht agus cearta bunúsacha a d’fhéadfadh a bheith ag baint le húsáid na gcóras sin, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an ngá faireachán iomchuí ar fheidhmíocht córais intleachta saorga i suíomh fíorshaoil a áirithiú, is iomchuí freagrachtaí sonracha a shocrú le haghaidh úsáideoirí gairmiúla. Ba cheart, go háirithe, d’úsáideoirí gairmiúla bearta teicniúla agus eagrúcháin iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go n-úsáidfidh siad na córais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis na treoracha maidir le húsáid agus ba cheart a fhoráil maidir le hoibleagáidí eile a mhéid a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú na gcóras intleachta saorga agus a mhéid a bhaineann le coimeád taifead, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, ba cheart d’úsáideoirí gairmiúla a áirithiú go bhfuil an inniúlacht is gá ag na daoine a fhágtar orthu na treoracha úsáidetreoracha úsáidean fhaisnéis arna soláthar aga an soláthraísoláthraíduine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach nó a bhfuil córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach forbartha aige agus a chuireann an córas nó an tsamhail ar an margadh nó a chuireann an córas intleachta saorga i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisceArticle 3(3) chun an t-úsáideoir gairmiúil a chur ar an eolas, go háirithe, faoin gcríoch atá beartaithe do chóras intleachta saorga agus an úsáid cheart atá beartaithe dóArticle 3(15) agus formhaoirseachta daonna a chur chun feidhme mar a leagtar amach sa Rialachán seo, go háirithe leibhéal leordhóthanach litearthachta, oiliúna agus údaráis intleachta saorga chun na cúraimí sin a chomhlíonadh i gceart. Ba cheart na hoibleagáidí sin a bheith gan dochar d’oibleagáidí eile ar úsáideoirí gairmiúla i ndáil le córais intleachta saorga ardriosca faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.