Iarscríbhinn III: Córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 6(2)
Is iad na córais intleachta saorga ardriosca de bhun Airteagal 6(2) na córais intleachta saorga a liostaítear in aon cheann de na réimsí seo a leanas:
1.
Bithmhéadracht a mhéid a cheadaítear í a úsáid faoi dhlí ábhartha an Aontais nó faoin dlí ábhartha náisiúnta:
(a)
córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí.
Ní áireofar ann córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh fíorú bithmhéadrachfíorú bithmhéadrachfíorú uathoibrithe, bunaithe ar chomparáid idir dhá shraith sonraí, lena n-áirítear fíordheimhniú, ar chéannacht daoine nádúrtha trína sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid leis na sonraí bithmhéadracha a cuireadh ar fáil roimhe sinArticle 3(36) arb é an t-aon chuspóir amháin atá leo a dheimhniú gur duine nádúrtha ar leith an duine a mhaíonn sé nó sí a bheith ann;
(b)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh catagóiriú bithmhéadrach, de réir tréithe nó saintréithe íogaire nó cosanta atá bunaithe ar thátal na dtréithe nó na saintréithe sin;
(c)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun mothúcháin a aithint.
2.
Bonneagar criticiúilBonneagar criticiúilbonneagar criticiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2022/2557Article 3(62): Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid mar chomhpháirteanna sábháilteachta i mbainistíocht agus oibriú an bhonneagair dhigitigh chriticiúil, tráchta bóthair nó i soláthar uisce, gáis, téimh nó leictreachais.
3.
Oideachas agus gairmoiliúint:
(a)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun rochtain ar institiúidí oideachais agus gairmoiliúna ar gach leibhéal a chinneadh nó chun daoine nádúrtha a ligean isteach nó a shannadh chucu;
(b)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí foghlama, lena n-áirítear nuair a úsáidtear na torthaí sin chun próiseas foghlama daoine nádúrtha a stiúradh in institiúidí oideachais agus gairmoiliúna ar gach leibhéal;
(c)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal iomchuí oideachais a gheobhaidh duine aonair nó a mbeidh duine in ann rochtain a fháil air, i gcomhthéacs institiúidí oideachais agus gairmoiliúna ar gach leibhéal nó laistigh díobh;
(d)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun faireachán a dhéanamh ar iompraíocht thoirmiscthe na mac léinn le linn tástálacha i gcomhthéacs institiúidí oideachais agus gairmoiliúna ar gach leibhéal, nó laistigh díobh, agus an iompraíocht sin a bhrath.
4.
Fostaíocht, bainistiú fostaithe agus rochtain ar an bhféinfhostaíocht:
(a)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun daoine nádúrtha a earcú nó a roghnú, go háirithe chun fógraí poist spriocdhírithe a fhógairt, chun anailís nó scagadh a dhéanamh ar iarratais ar phoist agus chun meastóireacht a dhéanamh ar iarrthóirí;
(b)
Na córais intleachta saorga atá beartaithe lena húsáid chun cinntí a dhéanamh a dhéanann dochar don chaidreamh a bhaineann leis an obair, caidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair a chur chun cinn nó a fhoirceannadh, chun tascanna a leithdháileadh ar bhonn iompraíocht aonair nó tréithe nó saintréithe pearsanta nó chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus iompraíocht daoine i gcaidrimh mar sin.
5.
Rochtain ar sheirbhísí bunriachtanacha príobháideacha agus ar sheirbhísí bunriachtanacha poiblí agus sochair phoiblí agus tairbhiú díobh:
(a)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí nó thar ceann údaráis phoiblí chun meastóireacht a dhéanamh ar incháilitheacht daoine nádúrtha le haghaidh sochair agus seirbhísí bunriachtanacha cúnaimh phoiblí, lena n-áirítear seirbhísí cúraim sláinte, agus chun na sochair agus seirbhísí sin a dheonú, a laghdú, a chúlghairm, nó a aiséileamh;
(b)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht chreidmheasa daoine nádúrtha nó chun a scór creidmheasa a bhunú, cé is moite de chórais intleachta saorga a úsáidtear chun calaois airgeadais a bhrath;
(c)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh measúnú rioscarioscaan meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sinArticle 3(2) agus praghsáil i ndáil le daoine nádúrtha i gcás árachas saoil agus árachas sláinte;
(d)
Córais intleachta saorga atá beartaithe chun meastóireacht agus aicmiú a dhéanamh ar ghlaonna éigeandála ó dhaoine nádúrtha nó atá le húsáid chun seirbhísí céadfhreagartha éigeandála a sheoladh, nó mar thosaíocht i seoladh na seirbhísí sin, lena n-áirítear seirbhísí arna seoladh ag póilíní, comhraiceoirí dóiteáin agus cabhair leighis, chomh maith le córais triáise othar i réimse an chúraim sláinte éigeandála.
6.
Forfheidhmiú an dlíForfheidhmiú an dlígníomhaíochtaí a dhéanann údaráis forfheidhmithe dlí nó a dhéantar thar a gceann chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú i gcoinne bagairtí ar an tsláinte phoiblí agus bagairtí ar an tsláinte phoiblí a choscArticle 3(46), sa mhéid go gceadaítear iad a úsáid faoi dhlí ábhartha an Aontais nó faoin dlí ábhartha náisiúnta:
(a)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann, nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann chun measúnú a dhéanamh ar an rioscarioscaan meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sinArticle 3(2) go mbeadh duine nádúrtha ina íospartach cionta coiriúla;
(b)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí mar bhrathadóirí éithigh nó uirlisí comhchosúla;
(c)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann, nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí chun meastóireacht a dhéanamh ar an iontaofacht fianaise le linn cionta coiriúla a imscrúdú nó a ionchúiseamh;
(d)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí chun meastóireacht a dhéanamh ar an rioscarioscaan meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sinArticle 3(2) go ndéanfadh duine nádúrtha cion nó athchiontú ní ar bhonn próifíliúpróifíliúpróifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679Article 3(52) daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2016/680 amháin, nó chun measúnú a dhéanamh ar thréithe agus saintréithe pearsantachta nó iompraíocht choiriúil daoine nádúrtha nó grúpaí san am atá thart;
(e)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann, nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí le haghaidh próifíliúpróifíliúpróifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679Article 3(52) daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2016/680 le linn cionta coiriúla a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.
7.
Bainistiú imirce, tearmainn agus rialaithe teorann, sa mhéid a cheadaítear iad a chur i bhfeidhm faoi dhlí ábhartha an Aontais nó faoin dlí ábhartha náisiúnta:
(a)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais mar bhrathadóirí éithigh nó uirlisí comhchosúla;
(b)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun measúnú a dhéanamh ar rioscarioscaan meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sinArticle 3(2), lena n-áirítear rioscarioscaan meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sinArticle 3(2) slándála, rioscarioscaan meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sinArticle 3(2) imirce neamhrialta, nó rioscarioscaan meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sinArticle 3(2) sláinte, i gcás rioscarioscaan meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sinArticle 3(2) a bhaineann le duine nádúrtha a bhfuil sé beartaithe aige teacht isteach nó atá tar éis teacht isteach i gcríoch Bhallstáit;
(c)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun cúnamh a thabhairt d’údaráis phoiblí inniúla chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar thearmann, víosaí nó ceadanna cónaithe agus le haghaidh gearáin ghaolmhara maidir le hincháilitheacht na ndaoine nádúrtha atá ag cur isteach ar stádas, lena n-áirítear measúnuithe gaolmhara ar iontaofacht fianaise;
(d)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann, nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, i gcomhthéacs bhainistiú na himirce, an tearmainn nó an rialaithe teorann, chun daoine nádúrtha a bhrath, a aithint nó a shainaithint, cé is moite d’fhíorú doiciméad taistil.
8.
Próisis ceartais agus dhaonlathacha a riar:
(a)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údarás breithiúnach nó thar a gceann chun cabhrú le húdarás breithiúnach taighde agus léirmhíniú a dhéanamh ar fhíorais agus ar an dlí agus an dlí a chur i bhfeidhm maidir le tacar nithiúil fíoras nó a úsáidfear ar bhealach comhchosúil i réiteach malartach díospóide;
(b)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn nó ar iompraíocht vótála daoine nádúrtha i bhfeidhmiú a vóta i dtoghcháin nó reifrinn. Ní áirítear leis sin córais intleachta saorga nach bhfuil a n-aschur neamhchosanta go díreach ar dhaoine nádúrtha, mar shampla uirlisí a úsáidtear chun feachtais pholaitiúla a eagrú, a bharrfheabhsú nó a struchtúrú ó thaobh riaracháin agus lóistíochta de.