CAIBIDIL I
Forálacha Ginearálta
Airteagal 1: Ábhar
1.
Is é is cuspóir don Rialachán seo feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus glacadh na hintleachta saorga (IS) atá dírithe ar an duine agus iontaofa a chur chun cinn, agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte, do shábháilteacht, do chearta bunúsacha arna gcumhdach sa Chairt, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta agus caomhnú an chomhshaoil ar éifeachtaí díobhálacha na gcóras intleachta saorga san Aontas agus chun tacú leis an nuálaíocht.
2.
Sa Rialachán seo leagtar síos na nithe seo a leanas:
(a)
rialacha comhchuibhithe maidir le córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse agus a úsáid san Aontas;
(b)
toirmisc ar chleachtais intleachta saorga áirithe;
(c)
ceanglais shonracha maidir le córais intleachta saorga ardriosca agus oibleagáidí oibreoirí na gcóras sin;
(d)
rialacha trédhearcachta comhchuibhithe maidir le córais intleachta saorga áirithe;
(e)
rialacha comhchuibhithe maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a chur ar an margadh;
(f)
rialacha maidir le faireachán margaidh, faireachas margaidh, rialachas agus forfheidhmiú;
(g)
bearta chun tacú leis an nuálaíocht, agus béim ar leith á leagan ar fhiontair mheánchaipitlithe bheaga (FMBanna) agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta.bearta chun tacú leis an nuálaíocht agus béim ar leith á leagan ar FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta.