AI Act Documents:
Aithris 129
(129) Ba cheart an mharcáil CE a bheith ar chórais intleachta saorga ardriosca chun a shonrú go bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo sa dóigh is gur féidir leo gluaiseacht gan bhac laistigh den mhargadh inmheánach. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá leabaithe sa táirge, ba cheart marcáil CEmarcáil CEmarcáil lena léiríonn an soláthraísoláthraíduine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach nó a bhfuil córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach forbartha aige agus a chuireann an córas nó an tsamhail ar an margadh nó a chuireann an córas intleachta saorga i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisceArticle 3(3) go bhfuil córas intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 agus le haon reachtaíocht chomhchuibhithe infheidhme de chuid an Aontais, lena bhforáiltear dá ghreamúArticle 3(24) fisiciúil a ghreamú orthu, agus féadfar é a chomhlánú le marcáil dhigiteach CE. I gcás córais intleachta saorga ardriosca nach soláthraítear ach go digiteach, ba cheart marcáil dhigiteach CE a úsáid. Níor cheart do na Ballstáit constaicí éagóracha a chruthú maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus a bhfuil an mharcáil CE orthu a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse.