Airteagal 19: Logaí a ghintear go huathoibríoch
1.
Maidir le soláthraithe córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) ardriosca, coimeádfaidh siad na logaí, dá dtagraítear in Airteagal 12(1), a ghintear go huathoibríoch lena gcórais intleachta saorga ardriosca, sa mhéid go bhfuil na logaí sin faoina rialú. Gan dochar do dhlí an Aontais nó don dlí náisiúnta is infheidhme, coinneofar na logaí ar feadh tréimhse a bheidh ag teacht leis an gcríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca, 6 mhí ar a laghad, mura bhforáiltear a mhalairt i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta is infheidhme, go háirithe i ndlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsantasonraí pearsantasonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679Article 3(50).
2.
Maidir le soláthraithe ar institiúidí airgeadais iad atá faoi réir ceanglais maidir lena rialachas, socruithe nó próisis inmheánacha faoi reachtaíocht seirbhísí airgeadais an Aontais, coinneoidh siad na logaí a ghineann a gcórais intleachta saorga ardriosca go huathoibríoch mar chuid den doiciméadacht a choimeádtar faoi dhlí seirbhísí airgeadais ábhartha an Aontais.