Aithris 90
(90)
D’fhéadfadh an Coimisiún téarmaí conarthacha eiseamláireacha deonacha a fhorbairt agus a mholadh idir soláthraithe córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) ardriosca agus tríú páirtithe a sholáthraíonn uirlisí, seirbhísí, comhpháirteanna nó próisis a úsáidtear nó a chomhtháthaítear i gcórais intleachta saorga ardriosca, chun an comhar feadh an tslabhra luacha a éascú. Nuair a bheidh na téarmaí conarthacha eiseamláireacha deonacha á bhforbairt aige, ba cheart don Choimisiún ceanglais chonarthacha a chur san áireamh a d’fhéadfadh a bheith infheidhme in earnálacha sonracha nó i gcásanna gnó sonracha.