AI Act Documents:
Aithris 98
(98) Cé go bhféadfaí roinnt pharaiméadar, inter alia, a úsáid, freisin, chun ginearáltacht samhla a chinneadh, ba cheart a mheas go bhfuil ginearáltacht shuntasach á léiriú agus raon leathan cúraimí sainiúla á ndéanamh go hinniúil ag samhlacha ag a bhfuil ar a laghad billiún paraiméadar agus oiliúint le méid mór sonraí ar a ndéantar féinmhaoirseacht ar mórscála.