Airteagal 15: Cruinneas, stóinseacht agus cibearshlándáil
1.
Déanfar córais intleachta saorga ardriosca a dhearadh agus a fhorbairt sa chaoi is go mbainfidh siad amach leibhéal iomchuí cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála, agus go bhfeidhmeoidh siad go comhsheasmhach ar feadh a saolré.
2.
Chun aghaidh a thabhairt ar na gnéithe teicniúla i ndáil le leibhéil iomchuí chruinnis agus stóinseachta mar a leagtar amach i mír 1 iad mar aon le haon mhéadracht feidhmíochta ábhartha eile a thomhas, molfaidh an Coimisiún, agus é ag obair i gcomhar le geallsealbhóirí agus eagraíochtaí ábhartha, amhail údaráis mhéadreolaíochta agus tagarmharcála, go ndéanfar, de réir mar is iomchuí, tagarmharcanna agus modheolaíochtaí tomhais a fhorbairt.
3.
Sna treoracha úsáidetreoracha úsáidean fhaisnéis arna soláthar aga an soláthraísoláthraíduine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach nó a bhfuil córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach forbartha aige agus a chuireann an córas nó an tsamhail ar an margadh nó a chuireann an córas intleachta saorga i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisceArticle 3(3) chun an t-úsáideoir gairmiúil a chur ar an eolas, go háirithe, faoin gcríoch atá beartaithe do chóras intleachta saorga agus an úsáid cheart atá beartaithe dóArticle 3(15) a ghabhann le córais intleachta saorga ardriosca dearbhófar a leibhéil chruinnis agus a méadrachtaí cruinnis ábhartha.
4.
Beidh córais intleachta saorga ardriosca chomh hathléimneach agus is féidir maidir le hearráidí, fabhtanna nó neamhréireachtaí a d’fhéadfadh tarlú sa chóras nó sa timpeallacht ina n-oibríonn an córas, go háirithe mar gheall ar a n-idirghníomhú le daoine nádúrtha nó córais eile. Déanfar bearta teicniúla agus eagraíochtúla ina thaobh sin.
Féadfar stóinseacht na gcóras intleachta saorga ardriosca a bhaint amach trí réitigh iomarcaíochta theicniúla, lena bhféadfaí pleananna cúltaca nó pleananna atá slán i gcás teipe a áireamh.
Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a leanann de bheith ag foghlaim tar éis iad a bheith curtha ar an margadh nó curtha i mbun seirbhíse, déanfar iad a fhorbairt ar bhealach ina ndíothaítear nó ina laghdaítear a oiread is féidir an rioscarioscaan meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sinArticle 3(2) go n-imreodh aschuir a d’fhéadfadh a bheith claonta tionchar ar ionchur le haghaidh oibríochtaí sa todhchaí (‘lúba aischothaithe’), agus chun a áirithiú go dtugtar aghaidh ar aon lúba aischothaithe mar iad le bearta maolaithe iomchuí.
5.
Beidh córais intleachta saorga ardriosca athléimneach i gcoinne iarrachtaí tríú páirtithe a n-úsáid, a n-aschuir nó a bhfeidhmíocht a athrú trí theacht i dtír ar leochaileachtaí an chórais.
Maidir leis na réitigh theicniúla arb é is aidhm dóibh cibearshlándáil na gcóras intleachta saorga ardriosca a áirithiú, beidh siad iomchuí do na himthosca ábhartha agus do na rioscaí.
Maidir leis na réitigh theicniúla chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a bhaineann go sonrach leis an intleacht shaorga, áireofar iontu sin, i gcás inarb iomchuí, bearta chun ionsaithe atá ag iarraidh ionramháil a dhéanamh ar an tacar sonraí oiliúnasonraí oiliúnana sonraí a úsáidtear chun córas intleachta saorga a oiliúint trína pharaiméadair infhoghlamtha a oiriúnúArticle 3(29) (nimhiú sonraí) a chosc, a bhrath, freagairt orthu, a réiteach agus rialú lena n-aghaidh, nó comhpháirteanna réamhoilte a úsáidtear san oiliúint (nimhiú samhla), ionchuir atá ceaptha ionas go ndéanfadh an tsamhail intleachta saorga botún mar gheall orthu (samplaí sáraíochta nó imghabháil samhla), ionsaithe rúndachta nó lochtanna samhla.