AI Act Documents:
Aithris 104
(104) Soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a scaoiltear faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte, agus a ndéantar a bparaiméadair, lena n-áirítear na hualaí, an fhaisnéis maidir le hailtireacht na samhla, agus an fhaisnéis maidir le húsáid na samhla, a chur ar fáil go poiblí, ba cheart iad a bheith faoi réir eisceachtaí a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le trédhearcacht arna bhforchur ar shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, ach amháin más féidir a mheas go bhfuil rioscarioscaan meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sinArticle 3(2) sistéamachrioscarioscaan meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sinArticle 3(2) sistéamachrioscarioscaan meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sinArticle 3(2) a bhaineann go sonrach le cumais ardtionchair i samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, a bhfuil tionchar suntasach aige ar mhargadh an Aontais mar gheall ar a rochtain, nó mar gheall ar éifeachtaí diúltacha iarbhír nó éifeachtaí diúltacha atá measartha intuartha aige ar an tsláinte phoiblí, ar an tsábháilteacht, ar an tslándáil phoiblí, ar chearta bunúsacha, nó ar an tsochaí ina hiomláine, ar éifeachtaí iad a d’fhéadfadh scaipeadh go forleathan ar fud an tslabhra luachaArticle 3(65) ag baint leo, ar sa chás sin nár cheart a mheas gur cúis leordhóthanach í an tsamhail a bheith trédhearcach agus ceadúnas foinse oscailte a bheith ag gabháil léi chun comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a eisiamh. In aon chás, ós rud é nach gá go nochtann scaoileadh samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte faisnéis shubstaintiúil maidir leis an tacar sonraí a úsáidtear chun an tsamhail a oiliúint nó a mhionchoigeartú agus maidir leis an gcaoi a ndearnadh comhlíonadh dhlí an chóipchirt a áirithiú dá bhrí sin, níor cheart, maidir leis an eisceacht dá bhforáiltear le haghaidh samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha ó chomhlíonadh na gceanglas a bhaineann le trédhearcacht, baint a bheith aici leis an oibleagáid achoimre a sholáthar ar an ábhar a úsáidtear le haghaidh oiliúint samhla ná leis an oibleagáid beartas a chur i bhfeidhm chun dlí cóipchirt an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe chun forchoimeádas na gceart de bhun Airteagal 4(3) de Threoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a shainaithint agus a chomhlíonadh 40Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE ([IO L 130, 17.5.2019, lch. 92](https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/AUTO/?uri=OJ:L:2019:130:TOC))..

Fontnótaí

[40] Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).