AI Act Documents:

Airteagal 2: Raon feidhme

Tagann i bhfeidhm 2 Feabhra 2025, de réir Airteagal 113(a)
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a) soláthraithe a chuireann córais intleachta saorga ar an margadh nó i mbun seirbhíse nó a chuireann samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha ar an margadh san Aontas, gan beann ar cé acu san Aontas nó i dtríú tír atá na soláthraithe sin bunaithe nó lonnaithe;
(b) úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) a bhfuil a n-áit bhunaíochta acu san Aontas nó atá lonnaithe laistigh den Aontas;
(c) soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) a bhfuil a n-áit bhunaíochta acu san Aontas nó atá lonnaithe i dtríú tír, i gcás gur san Aontas a úsáidtear an t-aschur a tháirgtear leis an gcóras intleachta saorga;
(d) allmhaireoirí agus dáileoirí na gcóras intleachta saorga;
(e) monaróirí táirgí a chuireann córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) ar an margadh nó i mbun seirbhíse mar aon lena dtáirge agus faoina n-ainm nó faoina dtrádmharc féin;
(f) ionadaithe údaraithe na soláthraithe, nach bhfuil bunaithe san Aontas;
(g) daoine dá ndéantar difear atá lonnaithe san Aontas.
2. I gcás córais intleachta saorga a aicmítear mar chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 6(1) a bhaineann le táirgí a chlúdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn I, ní bheidh feidhm ach ag Airteagal 6(1), Airteagal 60a agus Airteagail 102 go 112 maidir leo. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 57, 58 agus 59 ach a mhéid a dhéanfar na ceanglais maidir le córais intleachta saorga ardriosca faoin Rialachán seo a chomhtháthú i reachtaíocht chomhchuibhithe sin an Aontais.
3. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le réimsí nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, agus i gcás ar bith, ní dhéanfaidh sé difear d’inniúlachtaí na mBallstát a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta, gan beann ar an gcineál eintitis ar leag na Ballstáit na cúraimí i ndáil leis na hinniúlachtaí sin air.
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le córais intleachta saorga más rud é go ndéanfar, agus a mhéid a dhéanfar, na córais sin a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse, nó a úsáid le modhnú nó gan mhodhnú go heisiach chun críoch míleata, cosanta nó chun críocha na slándála náisiúnta, gan beann ar an gcineál eintitis a dhéanann na gníomhaíochtaí sin.
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le córais intleachta saorga nach gcuirtear ar an margadh nó nach gcuirtear i mbun seirbhíse san Aontas, i gcás ina n-úsáidtear an t-aschur go heisiach chun críoch míleata, cosanta nó chun críocha na slándála náisiúnta, gan beann ar an gcineál eintitis a dhéanann na gníomhaíochtaí sin.
4. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le húdaráis phoiblí i dtríú tír ná le heagraíochtaí idirnáisiúnta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo de bhun mhír 1, i gcás ina n-úsáideann na húdaráis nó na heagraíochtaí sin córais intleachta saorga faoi chuimsiú comhar nó comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le forfheidhmiú an dlíforfheidhmiú an dlígníomhaíochtaí a dhéanann údaráis forfheidhmithe dlí nó a dhéantar thar a gceann chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú i gcoinne bagairtí ar an tsláinte phoiblí agus bagairtí ar an tsláinte phoiblí a choscArticle 3(46) agus comhar breithiúnach leis an Aontas nó le Ballstát amháin nó níos mó, ar choinníoll go gcuirfidh tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta mar sin coimircí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le cearta bunúsacha agus saoirsí daoine aonair a chosaint.
5. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le dliteanas soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha mar a leagtar amach i gCaibidil II de Rialachán (AE) 2022/2065.
6. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le córais intleachta saorga ná samhlacha intleachta saorga, lena n-áirítear a n-aschur, a fhorbraítear go sonrach agus a chuirtear i mbun seirbhíse chun críche taighde eolaíoch agus forbartha eolaíche, agus chun na críche sin amháin.
7. Tá feidhm ag dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsantasonraí pearsantasonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679Article 3(50), príobháideachas agus rúndacht chumarsáide i ndáil le sonraí pearsantasonraí pearsantasonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679Article 3(50) a phróiseáiltear i dtaca leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. Gan dochar d’Airteagail 4a agus 59 den Rialachán seo, ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725, ná do Threoracha 2002/58/CE agus (AE) 2016/680.
8. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon ghníomhaíocht taighde, tástála nó forbartha a bhaineann le córais intleachta saorga nó samhlacha intleachta saorga sula gcuirfear ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad. Déanfar na gníomhaíochtaí sin i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais. Ní chumhdófar an tástáil a dhéantar i bhfíordhálaí leis an díolúine sin.
9. Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha a leagtar síos le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais a bhaineann le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí.
10. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na hoibleagáidí atá ar úsáideoirí gairmiúla ar daoine nádúrtha iad a úsáideann córais intleachta saorga le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúil amháin.
11. Leis an rialachán seo, ní chuirtear bac ar an Aontas ná na Ballstáit dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin atá níos fabhraí d’oibrithe a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach maidir lena gcearta a chosaint i ndáil le córais intleachta saorga a bheith á n-úsáid ag fostóirí, ná ar chur i bhfeidhm comhaontuithe comhchoiteanna atá níos fabhraí d’oibrithe a mholadh nó a cheadú.
12. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le córais intleachta saorga a eisítear faoi cheadúnais foinse oscailte saor mura gcuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad mar chórais intleachta saorga ardriosca nó córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) a thagann faoi Airteagal 5 nó Airteagal 50.
13. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 6(1), féadfar cur i bhfeidhm na gceanglas sonrach nó na n-oibleagáidí sonracha a leagtar síos in Airteagail 9 go 15 agus 17 go 25 a theorannú:
(a) i gcás ina leagtar síos agus a mhéid a leagtar síos le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I ceanglais nó oibleagáidí lena bhforáiltear leibhéal cosanta sláinte, sábháilteachta nó ceart bunúsach atá coibhéiseach leis an gceanglas nó leis an oibleagáid lena mbaineann nó níos airde; agus
(b) i gcás nach laghdaíonn agus a mhéid nach laghdaíonn an teorannú sin an leibhéal foriomlán cosanta dá bhforáiltear leis an Rialachán seo.
Faoin 2 Lúnasa 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 97 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na córais intleachta saorga ardriosca lena mbaineann, na ceanglais nó na hoibleagáidí a fhéadfar a theorannú, na coinníollacha faoina mbeidh feidhm ag an teorannú sin, agus raon feidhme an teorannaithe a shonrú.