Airteagal 66: Cúraimí an Bhoird
Tabharfaidh an Bord comhairle agus cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtach an Rialacháin seo a éascú. Chuige sin, féadfaidh an Bord go háirithe:
(a)
rannchuidiú leis an gcomhordú i measc na n-údarás inniúil náisiúntaúdarás inniúil náisiúntaúdarás a thugann fógra nó údarás faireachais margaidh; a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga a chuireann institiúidí, gníomhaireachtaí, oifigí agus comhlachtaí an Aontais i mbun seirbhíse nó a úsáideann siad, déanfar tagairtí d’údaráis inniúla náisiúnta nó d’údaráis faireachais margaidh sa Rialachán seo a fhorléiriú mar thagairtí don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint SonraíArticle 3(48) atá freagrach as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus, i gcomhar leis na húdaráis faireachais margaidh lena mbaineann agus faoina réir, tacú le gníomhaíochtaí comhpháirteacha na n-údarás faireachais margaidhúdarás faireachais margaidhan t-údarás náisiúnta a dhéanann na gníomhaíochtaí agus a dhéanann na bearta de bhun Rialachán (AE) 2019/1020Article 3(26) dá dtagraítear in Airteagal 74(11);
(b)
saineolas agus dea-chleachtais theicniúla agus rialála a bhailiú agus a chomhroinnt leis na Ballstáit;
(c)
comhairle a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, go háirithe a mhéid a bhaineann le rialacha a fhorfheidhmiú maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha;
(d)
rannchuidiú le comhchuibhiú cleachtas riaracháin sna Ballstáit, lena n-áirítear maidir leis an maolú ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachtameasúnú comhréireachtaan próiseas chun a léiriú ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III a bhaineann le córas intleachta saorga ardrioscaArticle 3(20) dá dtagraítear in Airteagal 46, feidhmiú na mboscaí gainimh rialála intleachta saorga agus na tástála i bhfíordhálaí dá dtagraítear in Airteagail 57, 59 agus 60;
(e)
arna iarraidh sin don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin, moltaí agus tuairimí i scríbhinn a eisiúint maidir le haon ábhair ábhartha a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus lena chur i bhfeidhm comhsheasmhach, éifeachtach, lena n-áirítear:
(i)
maidir le cóid iompair agus cóid chleachtais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm de bhun an Rialacháin seo, chomh maith le treoirlínte an Choimisiúin;
(ii)
meastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo de bhun Airteagal 112, lena n-áirítear maidir leis na tuarascálacha ar theagmhais thromchúiseacha dá dtagraítear in Airteagal 73, agus feidhmiú bhunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 71, na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a ullmhú, agus a mhéid a bhaineann le hailíniú féideartha an Rialacháin seo le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I;
(iii)
maidir le sonraíochtaí teicniúla nó caighdeáin atá ann faoi láthair i ndáil leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2;
(iv)
maidir le caighdeáin chomhchuibhithe nó sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 41 a úsáid;
(v)
treochtaí, amhail iomaíochas domhanda na hEorpa san intleacht shaorga, glacadh na hintleachta saorga san Aontas, agus forbairt scileanna digiteacha;
(vi)
treochtaí maidir le tíopeolaíocht athraitheach shlabhraí luacha na hintleachta saorga, go háirithe maidir leis na himpleachtaí a eascraíonn as sin i dtéarmaí cuntasachta;
(vii)
maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann Iarscríbhinn III a leasú i gcomhréir le hAirteagal 7, agus maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann athbhreithniú a dhéanamh ar Airteagal 5 de bhun Airteagal 112, agus an fhianaise ábhartha atá ar fáil agus na forbairtí is déanaí sa teicneolaíocht á gcur san áireamh;
(f)
tacú leis an gCoimisiún litearthacht intleachta saorgalitearthacht intleachta saorgana scileanna, an t-eolas agus an tuiscint a chuireann ar chumas soláthraithe, úsáideoirí gairmiúla agus daoine dá ndéantar difear, agus a gcearta agus a n-oibleagáidí faoi seach á gcur san áireamh i gcomhthéacs an Rialacháin seo, córais intleachta saorga a imscaradh ar bhealach eolach, chomh maith le feasacht a fháil ar na deiseanna agus ar na rioscaí a bhaineann leis an intleacht shaorga agus an dochar a d’fhéadfadh sí a dhéanamhArticle 3(56), feasacht phoiblí agus tuiscint ar na tairbhí, na rioscaí, na coimircí agus na cearta agus na hoibleagáidí i ndáil le húsáid córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) a chur chun cinn;
(g)
an fhorbairt ar chritéir chomhchoiteanna agus comhthuiscint idir oibreoirí margaidh agus údaráis inniúla ar na coincheapa ábhartha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a éascú, lena n-áirítear trí rannchuidiú le forbairt tagarmharcanna;
(h)
comhoibriú, de réir mar is iomchuí, le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, chomh maith le grúpaí saineolaithe agus líonraí ábhartha de chuid an Aontais, go háirithe i réimsí na sábháilteachta táirgí, na cibearshlándála, na hiomaíochta, na seirbhísí digiteacha agus na meán, na seirbhísí airgeadais, na cosanta tomhaltóirí, na cosanta sonraí agus na gceart bunúsach;
(i)
rannchuidiú leis an gcomhar éifeachtach le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta;
(j)
cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla náisiúnta agus don Choimisiún an saineolas eagraíochtúil agus teicniúil is gá a fhorbairt chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí rannchuidiú le measúnú a dhéanamh ar riachtanais oiliúna do bhaill foirne na mBallstát atá bainteach le cur chun feidhme an Rialacháin seo;
(k)
cúnamh a thabhairt don Oifig um Intleacht Shaorga tacú le húdaráis inniúla náisiúnta chun boscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunú agus a fhorbairt, agus comhar agus comhroinnt faisnéise a éascú i measc boscaí gainimh rialála intleachta saorga;
(l)
rannchuidiú le treoirdhoiciméid a fhorbairt agus comhairle ábhartha a chur ar fáil ina leith;
(m)
comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le hábhair idirnáisiúnta a bhaineann leis an intleacht shaorga;
(n)
tuairimí a chur ar fáil don Choimisiún maidir leis na foláirimh cháilithe i ndáil le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha;
(o)
tuairimí a fháil ó na Ballstáit maidir le foláirimh cháilithe maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, agus maidir le taithí agus cleachtais náisiúnta i ndáil le faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar chórais intleachta saorga, go háirithe córais lena gcomhtháthaítear samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha.