Airteagal 67: Fóram comhairleach
1.
Bunófar fóram comhairleach chun saineolas teicniúil a sholáthar agus chun comhairle a chur ar an mBord agus ar an gCoimisiún, agus chun rannchuidiú lena gcúraimí faoin Rialachán seo.
2.
Beidh ballraíocht an fhóraim chomhairligh ina léiriú ar roghnú cothrom na ngeallsealbhóirí, lena n-áirítear tionscal, gnólachtaí nuathionscanta, FBManna, an tsochaí shibhialta agus an lucht léinn. Déanfar ballraíocht an fhóraim chomhairligh a chothromú maidir le leasanna tráchtála agus neamhthráchtála agus, laistigh den chatagóir leasanna tráchtála, maidir le FBManna agus gnóthais eile.
3.
Ceapfaidh an Coimisiún comhaltaí an fhóraim chomhairligh, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i mír 2, as measc geallsealbhóirí a bhfuil saineolas aitheanta acu i réimse na hintleachta saorga.
4.
Mairfidh téarma oifige chomhaltaí an fhóraim chomhairligh 2 bhliain, agus féadfar síneadh nach faide ná 4 bliana a chur leis.
5.
Beidh an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha, ENISA, an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC), agus Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) ina gcomhaltaí buana den fhóram comhairleach.
6.
Déanfaidh an fóram comhairleach a rialacha nós imeachta a tharraingt suas. Toghfaidh sé beirt chomhchathaoirleach as measc a chomhaltaí, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i mír 2. Mairfidh téarma oifige na gcomhchathaoirleach 2 bhliain agus féadfar an téarma oifige a athnuachan aon uair amháin.
7.
Tionólfaidh an fóram comhairleach cruinnithe 2 uair sa bhliain ar a laghad. Féadfaidh an fóram comhairleach cuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus do gheallsealbhóirí eile chuig a chruinnithe.
8.
Féadfaidh an fóram comhairleach tuairimí, moltaí agus rannchuidithe i scríbhinn a ullmhú arna iarraidh sin don Bhord nó don Choimisiún.
9.
Féadfaidh an fóram comhairleach foghrúpaí buana nó sealadacha a bhunú de réir mar is iomchuí chun ceisteanna sonracha a bhaineann le cuspóirí an Rialacháin seo a scrúdú.
10.
Déanfaidh an fóram comhairleach tuarascáil bhliantúil a ullmhú maidir lena chuid gníomhaíochtaí. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.