AI Act Documents:
Ceanglais maidir le córais intleachta saorga ardriosca

Airteagal 8: Ceanglais a chomhlíonadh

Tagann i bhfeidhm 2 Nollaig 2027 (ardriosca faoi Iarscríbhinn III) / 2 Lúnasa 2028 (ardriosca faoi Iarscríbhinn I), de réir Airteagal 113(c)
1. Comhlíonfaidh córais intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar síos sa Roinn seo, agus an chríoch atá beartaithe dóibh á cur san áireamh chomh maith leis an úrscothacht a nglactar léi i gcoitinne maidir leis an intleacht shaorga agus na teicneolaíochtaí a bhaineann leis an intleacht shaorga. Cuirfear an córas bainistíochta rioscarioscaan meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sinArticle 3(2) dá dtagraítear in Airteagal 9 san áireamh agus comhlíontacht leis na ceanglais sin á háirithiú.
2. I gcás ina bhfuil córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) i dtáirge, a bhfuil feidhm ag ceanglais an Rialacháin seo maidir leis chomh maith le ceanglais reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, beidh soláthraithe freagrach as a áirithiú go bhfuil a dtáirge i gcomhréir go hiomlán leis na ceanglais uile is infheidhme faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais is infheidhme. Agus iad ag áirithiú go gcomhlíonann na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais a leagtar amach sa Roinn seo, agus chun comhsheasmhacht a áirithiú, an dúbailt a sheachaint agus ualaí breise a íoslaghdú, beidh rogha ag soláthraithe na próisis tástála agus tuairiscithe, an fhaisnéis agus an doiciméadacht is gá a sholáthraíonn siad maidir lena dtáirge a chomhtháthú, de réir mar is iomchuí, i ndoiciméadacht agus i nósanna imeachta atá ann cheana agus a cheanglaítear faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I.