Aithris 1
(1)
Is é is cuspóir don Rialachán seo feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach a leagan síos go háirithe maidir le córais intleachta saorga (córais IS) a fhorbairt, a chur ar an margadh, a chur i seirbhís agus a úsáid san Aontas, i gcomhréir le luachanna an Aontais, chun glacadh na hintleachta saorga atá dírithe ar an duine agus iontaofa (intleacht shaorga) a chur chun cinn agus, ag an am céanna, ardleibhéal cosanta sláinte, sábháilteachta agus cearta bunúsacha mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta agus cosaint an chomhshaoil, chun cosaint a thabhairt ar éifeachtaí díobhálacha na gcóras intleachta saorga san Aontas, agus chun tacú le nuálaíocht. Áirithítear leis an Rialachán seo saorghluaiseacht trasteorann earraí agus seirbhísí atá bunaithe ar an intleacht shaorga, rud a chuireann cosc ar na Ballstáit srianta a fhorchur ar fhorbairt, margaíocht agus úsáid córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1), ach amháin má údaraítear sin go sainráite leis an Rialachán seo.