Aithris 50
(50)
Maidir le córais intleachta saorga ardriosca is comhpháirteanna sábháilteachta táirgí nó córas iad, nó is táirgí nó córais iad féin, a thagann faoi raon feidhme reachtaíocht chomhchuibhithe áirithe de chuid an Aontais a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, is iomchuí iad a aicmiú mar chórais ardriosca faoin Rialachán seo má chuirtear an nós imeachta um measúnú comhréireachtameasúnú comhréireachtaan próiseas chun a léiriú ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III a bhaineann le córas intleachta saorga ardrioscaArticle 3(20) i bhfeidhm ar an táirge lena mbaineann le comhlacht tríú páirtí um measúnú comhréireachtameasúnú comhréireachtaan próiseas chun a léiriú ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III a bhaineann le córas intleachta saorga ardrioscaArticle 3(20) de bhun na reachtaíochta comhchuibhithe ábhartha sin de chuid an Aontais. Go sonrach, is éard atá i gceist leis na táirgí sin innealra, bréagáin, ardaitheoirí, trealamh agus córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach, trealamh raidió, brú-threalamh, trealamh le haghaidh árthaí áineasa, suiteálacha cábla-bhealaigh, fearais a dhónn breoslaí gásacha, feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro, mótarfheithiclí agus eitlíocht.