AI Act Documents:

Airteagal 62: Bearta do sholáthraithe agus d’úsáideoirí gairmiúla, go háirithe FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta

Tagann i bhfeidhm 2 Lúnasa 2026, de réir Airteagal 113
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta seo a leanas:
(a) rochtain tosaíochta ar bhoscaí gainimh rialála intleachta saorga a sholáthar do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, a bhfuil oifig chláraithe nó brainse acu san Aontas, a mhéid a chomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta agus na critéir roghnúcháin; ní chuirfidh an rochtain tosaíochta bac ar FBManna eile, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta seachas iad siúd dá dtagraítear sa mhír seo, rochtain a fháil ar bhosca gainimh rialála intleachta saorga, ar choinníoll go gcomhlíonann siad freisin na coinníollacha incháilitheachta agus na critéir roghnúcháin;
(b) gníomhaíochtaí sonracha ardaithe feasachta agus oiliúna a eagrú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus iad curtha in oiriúint do riachtanais na FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, úsáideoirí gairmiúla, agus, de réir mar is iomchuí, údaráis phoiblí áitiúla;
(c) bealaí tiomnaithe atá ann cheana a úsáid agus, i gcás inarb iomchuí, cinn nua a bhunú le haghaidh cumarsáid le FBManna lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, úsáideoirí gairmiúla, nuálaithe eile agus, de réir mar is iomchuí, údaráis phoiblí áitiúla chun comhairle a chur ar fáil agus freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht i mboscaí gainimh rialála intleachta saorga;
(d) rannpháirtíocht FBManna agus geallsealbhóirí ábhartha eile sa phróiseas forbartha um chaighdeánú a éascú.
2. Cuirfear leasanna sonracha agus riachtanais shonracha na soláthraithe ar FBManna iad, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, san áireamh agus táillí an mheasúnaithe comhréireachta faoi Airteagal 43 á socrú, agus na táillí sin á laghdú i gcomhréir lena méid, le méid an mhargaidh agus le táscairí ábhartha eile.
3. Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorgaan Oifig um Intleacht Shaorgafeidhm an Choimisiúin maidir le rannchuidiú le cur chun feidhme na gcóras intleachta saorga agus na samhlacha ilchuspóireacha intleachta saorga, agus le faireachán agus maoirseacht ar na córais agus na samhlacha sin, dá bhforáiltear i gCinneadh ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2024; tuigfear gur tagairtí don Choimisiún iad na tagairtí sa Rialachán seo don Oifig um Intleacht ShaorgaArticle 3(47) na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a) teimpléid chaighdeánaithe a sholáthar le haghaidh réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, mar a shonróidh an Bord ina iarraidh;
(b) ardán faisnéise aonair a fhorbairt agus a chothabháil lena soláthrófar faisnéis atá éasca le húsáid i ndáil leis an Rialachán seo do gach oibreoiroibreoirsoláthraí, monaróir táirgí, úsáideoir gairmiúil, ionadaí údaraithe, allmhaireoir nó dáileoirArticle 3(8) ar fud an Aontais;
(c) feachtais chumarsáide iomchuí a eagrú chun feasacht a mhúscailt maidir leis na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo;
(d) cóineasú na ndea-chleachtas i nósanna imeachta soláthair phoiblí i ndáil le córais intleachta saorga a mheas agus a chur chun cinn.