Iarscríbhinn II: Liosta na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 5(1), an chéad fhomhír, pointe (h)(iii)
Cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 5(1), an chéad fhomhír, pointe (h)(iii):
1.
sceimhlitheoireacht,
2.
gáinneáil ar dhaoine,
3.
teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí,
4.
gáinneáil aindleathach ar dhrugaí támhshuanacha nó ar shubstaintí síceatrópacha,
5.
gáinneáil aindleathach ar airm, muinisin nó pléascáin,
6.
dúnmharú, mórdhíobháil choirp,
7.
trádáil aindleathach in orgáin dhaonna nó fíochán daonna,
8.
gáinneáil aindleathach ar ábhair núicléacha nó radaighníomhacha,
9.
fuadach, srianadh neamhdhlíthiúil nó gabháil giall,
10.
coireanna a thagann faoi dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta,
11.
urghabháil neamhdhleathach aerárthaí nó long,
12.
éigniú,
13.
coireacht chomhshaoil,
14.
robáil eagraithe nó armtha,
15.
sabaitéireacht,
16.
rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil atá páirteach i gceann amháin nó níos mó de na cionta a liostaítear thuas.