AI Act Documents:
Aithris 36
(36) Chun a gcúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna rialacha náisiúnta, ba cheart fógra a thabhairt don údarás ábhartha faireachais margaidh agus don údarás náisiúnta cosanta sonraí maidir le gach úsáid a bhaintear as an gcóras sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama. Ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh agus do na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí dá dtugtar fógra tuarascáil bhliantúil maidir le húsáid córas sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama a chur faoi bhráid an Choimisiúin.