AI Act Documents:
Aithris 119
(119) I bhfianaise luas tapa na nuálaíochta agus éabhlóid theicneolaíoch na seirbhísí digiteacha i raon feidhme ionstraimí éagsúla dhlí an Aontais, go háirithe agus aird á tabhairt ar úsáid agus dearcadh a bhfaighteoirí, féadfar na córais intleachta saorga atá faoi réir an Rialacháin seo a sholáthar mar sheirbhísí idirghabhálacha nó mar chodanna díobh de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/2065, ar cheart iad a léirmhíniú ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. Mar shampla, féadfar córais intleachta saorga a úsáid chun innill chuardaigh ar líne a sholáthar, go háirithe, a mhéid a dhéanann córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1), ar nós bota comhrá ar líne, cuardaigh, i bprionsabal, ar na suíomhanna gréasáin uile, agus a chorpraíonn sé ansin na torthaí san eolas atá aige cheana agus a úsáideann sé an t-eolas nuashonraithe chun aschur aonair a ghiniúint ina gcomhcheanglaítear foinsí éagsúla faisnéise.