Roinn 3
Oibleagáidí sholáthraithe agus úsáideoirí gairmiúla na gcóras intleachta saorga ardriosca mar aon le páirtithe eile
Airteagal 16: Oibleagáidí sholáthraithe na gcóras intleachta saorga ardriosca
Déanfaidh soláthraithe córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) ardriosca an méid seo a leanas:
(a)
a áirithiú go bhfuil a gcórais intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2;
(b)
a chur in iúl ar an gcóras intleachta saorga ardriosca nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar a phacáistíocht nó ar an doiciméadacht a ghabhann leis, de réir mar is infheidhme, a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, an seoladh ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo;
(c)
córas bainistíochta cáilíochta a chur i bhfeidhm lena gcomhlíontar Airteagal 17;
(d)
an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 18 a choimeád;
(e)
agus iad faoina rialú, na logaí arna nginiúint go huathoibríoch ag a gcórais intleachta saorga ardriosca, dá dtagraítear in Airteagal 19, a choimeád;
(f)
a áirithiú go gcuirtear an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachtameasúnú comhréireachtaan próiseas chun a léiriú ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III a bhaineann le córas intleachta saorga ardrioscaArticle 3(20), dá dtagraítear in Airteagal 43, i bhfeidhm ar an gcóras intleachta saorga ardriosca sula gcuirfear ar an margadh é nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse é;
(g)
dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 47;
(h)
an mharcáil CE a ghreamú den chóras intleachta saorga ardriosca nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar a phacáistíocht nó ar an doiciméadacht a ghabhann leis, chun comhréireacht leis an Rialachán seo a léiriú i gcomhréir le hAirteagal 48;
(i)
na hoibleagáidí maidir le clárú dá dtagraítear in Airteagal 49(1) a chomhlíonadh;
(j)
na gníomhaíochtaí ceartaitheacha is gá a dhéanamh agus an fhaisnéis de réir mar a cheanglaítear in Airteagal 20 a sholáthar;
(k)
ar iarraidh réasúnaithe ón údarás inniúil náisiúntaúdarás inniúil náisiúntaúdarás a thugann fógra nó údarás faireachais margaidh; a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga a chuireann institiúidí, gníomhaireachtaí, oifigí agus comhlachtaí an Aontais i mbun seirbhíse nó a úsáideann siad, déanfar tagairtí d’údaráis inniúla náisiúnta nó d’údaráis faireachais margaidh sa Rialachán seo a fhorléiriú mar thagairtí don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint SonraíArticle 3(48), comhréireacht an chórais intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2 a léiriú;
(l)
a áirithiú go gcomhlíonann an córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) ardriosca na ceanglais inrochtaineachta i gcomhréir le Treoracha (AE) 2016/2102 agus (AE) 2019/882.