Aithris 18
(18)
Ba cheart an coincheap ‘córais aitheanta mothúcháin’ dá dtagraítear sa Rialachán seo a shainmhíniú mar chóras intleachta saorga atá ceaptha chun mothúcháin nó rúin daoine nádúrtha a shainaithint ar bhonn a sonraí bithmhéadrachasonraí bithmhéadrachasonraí pearsantasonraí pearsantasonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679Article 3(50) a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, amhail íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópachaArticle 3(34) nó chun mothúcháin nó rúin a oibriú amach ar bhonn na sonraí sin. Tagraíonn an coincheap do raon mothúchán nó rún, amhail sonas, brón, fearg, iontas, déistin, náire, sceitimíní, aiféaltas, drochmheas, sásamh agus sult. Ní áirítear leis staideanna fisiciúla, amhail pian nó tuirse lena n-áirítear, mar shampla, córais a úsáidtear chun tuirse píolótaí nó tiománaithe gairmiúla a bhrath chun tionóiscí a chosc. Ní áirítear leis sin ach oiread gothaí gnúise, gothaí nó gluaiseachtaí atá ríshoiléir a bhrath, ach amháin má úsáidtear iad chun mothúcháin a aithint nó a thuiscint. D’fhéadfadh a bheith i gceist leis na gothaí sin gothaí aghaidhe bunúsacha, amhail strainc nó miongháire, nó gothaí amhail gluaiseacht na lámh, na ngéag nó an chinn, nó tréithe guth duine, ar nós guth ard nó a bheith ag cogarnach.