AI Act Documents:
Aithris 137
(137) Níor cheart comhlíonadh na n-oibleagáidí trédhearcachta a chumhdaítear leis an Rialachán seo a léirmhíniú mar léiriú go bhfuil úsáid nó aschur an chórais intleachta saorga dleathach faoin Rialachán seo nó faoi dhlí eile de chuid an Aontais agus na mBallstát agus ba cheart é a bheith gan dochar d’oibleagáidí trédhearcachta eile ar úsáideoirí gairmiúla na gcóras intleachta saorga a leagtar síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta.