AI Act Documents:
Aithris 5
(5) Ag an am céanna, ag brath ar na himthosca maidir lena cur i bhfeidhm sonrach, lena húsáid agus le leibhéal na forbartha teicneolaíche, d’fhéadfadh rioscaí a bheith ag baint leis an intleacht shaorga agus d’fhéadfadh sí díobháil a dhéanamh do leasanna an phobail agus cearta bunúsacha atá faoi chosaint dhlí an Aontais. D’fhéadfadh an díobháil sin a bheith ábhartha nó neamhábhartha, lena n-áirítear díobháil fhisiceach, shíceolaíoch, shochaíoch nó eacnamaíoch.