AI Act Documents:
Aithris 83
(83) I bhfianaise chineál agus chastacht an tslabhra luacha le haghaidh córais intleachta saorga agus i gcomhréir leis an gCreat Reachtach Nua, tá sé ríthábhachtach deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus comhlíonadh an Rialacháin seo a éascú. Dá bhrí sin, is gá ról agus oibleagáidí sonracha na n-oibreoirí ábhartha feadh an tslabhra luacha sin a shoiléiriú, amhail allmhaireoirí agus dáileoirí a d’fhéadfadh rannchuidiú le forbairt na gcóras intleachta saorga. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh na hoibreoirí sin gníomhú i níos mó ná ról amháin ag an am céanna agus, dá bhrí sin, ba cheart dóibh na hoibleagáidí ábhartha uile a bhaineann leis na róil sin a chomhlíonadh go carnach. Mar shampla, d’fhéadfadh oibreoiroibreoirsoláthraí, monaróir táirgí, úsáideoir gairmiúil, ionadaí údaraithe, allmhaireoir nó dáileoirArticle 3(8) gníomhú mar dháileoir agus mar allmhaireoirallmhaireoirduine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe nó bunaithe san Aontas a chuireann córas intleachta saorga ar an margadh nó i mbun seirbhíse a bhfuil ainm nó trádmharc duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá bunaithe i dtríú tír airArticle 3(6) ag an am céanna.