Airteagal 21: Comhar leis na húdaráis inniúla
1.
Cuirfidh soláthraithe córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) ardriosca, ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá ar fáil don údarás sin chun a léiriú go gcomhlíonann an córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) ardriosca na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, i dteanga is furasta don údarás a thuiscint i gceann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais a chinnfidh an Ballstát i dtrácht.
2.
Ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil, tabharfaidh soláthraithe rochtain don údarás inniúil iarrthach, de réir mar is infheidhme, ar logaí arna nginiúint go huathoibríoch den chóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 12(1), a mhéid atá na logaí sin faoina rialú.
3.
Aon fhaisnéis a fhaigheann údarás inniúil de bhun an Airteagail seo, caithfear léi i gcomhréir leis na hoibleagáidí rúndachta a leagtar amach in Airteagal 78.