Roinn 5
Caighdeáin, measúnú comhréireachta, deimhnithe, clárú
Airteagal 40: Caighdeáin chomhchuibhithe agus spriocanna insoláthartha um chaighdeánú
1.
Córais intleachta saorga ardriosca nó samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, toimhdeofar iad a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo nó, de réir mar is infheidhme, leis na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil V, Ranna 2 agus 3, den Rialachán seo, a mhéid a chumhdaítear na ceanglais nó na hoibleagáidí sin leis na caighdeáin sin.
2.
I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, eiseoidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, iarrataí ar chaighdeánú lena gcumhdófar na ceanglais uile a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo agus, de réir mar is infheidhme, iarrataí ar chaighdeánú lena gcumhdaítear oibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil V, Ranna 2 agus 3, den Rialachán seo. Leis an iarraidh ar chaighdeánú, iarrfar freisin spriocanna insoláthartha maidir le próisis tuairiscithe agus doiciméadachta chun feidhmíocht acmhainní na gcóras intleachta saorga a fheabhsú, amhail ídiú fuinnimh agus acmhainní eile an chórais intleachta saorga ardriosca a laghdú le linn a shaolré, agus maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a fhorbairt ar bhealach atá tíosach ar fhuinneamh. Agus iarraidh ar chaighdeánú á hullmhú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBord agus leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear an fóram comhairleach.
Agus iarraidh ar chaighdeánú á heisiúint aige chuig eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, sonróidh an Coimisiún nach mór na caighdeáin a bheith soiléir, comhsheasmhach, lena n-áirítear leis na caighdeáin a forbraíodh sna hearnálacha éagsúla le haghaidh táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe reatha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus é mar aidhm leo a áirithiú go gcomhlíonann córais intleachta saorga ardriosca nó samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i mbun seirbhíse san Aontas na ceanglais ábhartha nó oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo.
Iarrfaidh an Coimisiún ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú fianaise a sholáthar maidir lena ndícheall na cuspóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.
Iarrfaidh an Coimisiún ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ([IO L 316, 14.11.2012, lch. 12](https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/AUTO/?uri=OJ:L:2012:316:TOC)). agus gan moill mhíchuí, táirgí insoláthartha caighdeánúcháin a fhorbairt, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, caighdeáin chomhchuibhithe, chun comhlíonadh comhpháirteach agus toimhde comhréireachta a éascú leis na ceanglais nó na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil III, Ranna 2 agus 3 den Rialachán seo, agus leis na ceanglais agus na hoibleagáidí ábhartha a leagtar síos i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.Ní raibh sé ann roimh an leasú.
3.
Féachfaidh rannpháirtithe an phróisis caighdeánaithe le hinfheistíocht agus nuálaíocht san intleacht shaorga a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chinnteacht dhlíthiúil a mhéadú, chomh maith le hiomaíochas agus fás mhargadh an Aontais, agus le rannchuidiú le comhar domhanda maidir le caighdeánú a neartú agus caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana i réimse na hintleachta saorga atá comhsheasmhach le luachanna, cearta bunúsacha agus leasanna an Aontais á gcur san áireamh, agus leis an rialachas il-gheallsealbhóra lena n-áirithítear ionadaíocht chothrom ar leasanna agus rannpháirtíocht éifeachtach na ngeallsealbhóirí ábhartha uile i gcomhréir le hAirteagail 5, 6, agus 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a fheabhsú.
Fontnótaí
↑[41]
Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).