AI Act Documents:
Aithris 177
(177) Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, tréimhse oiriúnaithe iomchuí a áirithiú d’oibreoirí agus suaitheadh ar an margadh a sheachaint, lena n-áirítear trí leanúnachas úsáid na gcóras intleachta saorga a áirithiú, is iomchuí feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca a cuireadh ar an margadh nó a cuireadh i mbun seirbhíse roimh dháta ginearálta chur i bhfeidhm na gcóras sin, más rud é, ón dáta sin, go mbeidh na córais sin faoi réir athruithe suntasacha ar a ndearadh nó ar an gcríoch atá beartaithe dóibh. Is iomchuí a shoiléiriú, i ndáil leis sin, gur cheart coincheap an athraithe shuntasaigh a thuiscint mar choincheap atá coibhéiseach ó thaobh substainte de le coincheap an mhodhnaithe shubstaintiúil, coincheap a úsáidtear i ndáil le córais intleachta saorga ardriosca amháin de bhun an Rialacháin seo. Ar bhonn eisceachtúil agus i bhfianaise na cuntasachta poiblí, ba cheart d’oibreoirí córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) ar comhpháirteanna iad de na córais mhórscála TF a bhunaítear leis na gníomhartha dlí a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán agus d’oibreoirí córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) ardriosca atá ceaptha lena n-úsáid ag údaráis phoiblí, faoi seach, na bearta is gá a dhéanamh chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh faoi dheireadh 2030 agus faoin 2 Lúnasa 2030.