Airteagal 78: Rúndacht
1.
Urramóidh an Coimisiún, údaráis faireachais margaidh agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a bhfuil baint aige le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, rúndacht na faisnéise agus na sonraí arna bhfáil i mbun cúraimí agus gníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach ina ndéanfar an méid seo a leanas a chosaint go háirithe:
(a)
cearta maoine intleachtúla, agus faisnéis rúnda ghnó nó rúin trádála duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh, lena n-áirítear cód foinseach, seachas sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 57Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach ([IO L 157, 15.6.2016, lch. 1](https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/AUTO/?uri=OJ:L:2016:157:TOC)).;
(b)
cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo, go háirithe chun críoch cigireachtaí, imscrúduithe nó iniúchtaí;
(c)
leas an phobail agus leasanna slándála náisiúnta;
(d)
seoladh imeachtaí coiriúla nó riaracháin;
(e)
faisnéis a aicmítear de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.
2.
Na húdaráis a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo de bhun mhír 1, ní iarrfaidh siad ach sonraí a bhfuil fíorghá leo chun measúnú a dhéanamh ar an rioscarioscaan meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sinArticle 3(2) a bhaineann le córais intleachta saorga agus chun a gcumhachtaí a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2019/1020. Cuirfidh siad bearta cibearshlándála leordhóthanacha agus éifeachtacha i bhfeidhm chun slándáil agus rúndacht na faisnéise agus na sonraí a fhaightear a chosaint, agus scriosfaidh siad na sonraí arna mbailiú a luaithe nach mbeidh gá leo a thuilleadh chun na críche dá bhfuarthas iad, i gcomhréir le dlí is infheidhme an Aontais nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme.
3.
Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, maidir le faisnéis a mhalartaítear ar bhonn rúnda idir na húdaráis inniúla náisiúnta agus idir údaráis inniúla náisiúnta agus an Coimisiún, ní nochtfar an fhaisnéis sin gan dul i gcomhairle roimh ré leis an údarás inniúil náisiúntaúdarás inniúil náisiúntaúdarás a thugann fógra nó údarás faireachais margaidh; a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga a chuireann institiúidí, gníomhaireachtaí, oifigí agus comhlachtaí an Aontais i mbun seirbhíse nó a úsáideann siad, déanfar tagairtí d’údaráis inniúla náisiúnta nó d’údaráis faireachais margaidh sa Rialachán seo a fhorléiriú mar thagairtí don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint SonraíArticle 3(48) tionscnaimh agus leis an úsáideoir gairmiúilúsáideoir gairmiúilaon duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a bhfuil córas intleachta saorga á úsáid aige nó aici faoina údarás nó faoina húdarás féin, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear an córas intleachta saorga le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúilArticle 3(4) nuair a úsáideann údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis rialaithe teorann, údaráis inimirce nó údaráis tearmainn na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 1, 6 nó 7 d’Iarscríbhinn III, agus nuair a chuirfeadh an nochtadh sin leasanna slándála poiblí agus leasanna slándála náisiúnta i mbaol. Ní chumhdófar, leis an malartú faisnéise sin, sonraí oibríochtúla íogairesonraí oibríochtúla íogairesonraí oibríochtúla a bhaineann le gníomhaíochtaí maidir le cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, a bhféadfaí sláine imeachtaí coiriúla a chur i mbaol dá nochtfaí iadArticle 3(38) maidir le gníomhaíochtaí na n-údarás forfheidhmithe dlí, rialaithe teorann, inimirce nó tearmainn.
Maidir le húdaráis forfheidhmithe dlí, inimirce agus tearmainn, i gcás inar soláthraithe córas intleachta saorgacóras intleachta saorgacóras meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúlaArticle 3(1) ardriosca iad dá dtagraítear i bpointí 1, 6 nó 7 d’Iarscríbhinn III, fanfaidh an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV laistigh d’áitreabh na n-údarás sin. Áiritheoidh na húdaráis sin gur féidir leis na húdaráis faireachais margaidh dá dtagraítear in Airteagal 74(8) agus (9), de réir mar is infheidhme, rochtain a fháil ar an doiciméadacht láithreach, arna iarraidh sin dóibh, nó cóip di a fháil. Ní cheadófar ach d’fhoireann an údaráis faireachais margaidh a bhfuil an leibhéal iomchuí imréitigh slándála acu rochtain a fháil ar an doiciméadacht sin nó ar aon chóip di.
4.
Ní dhéanfaidh míreanna 1, 2 ná 3 difear do chearta ná d’oibleagáidí an Choimisiúin, na mBallstát agus a n-údarás ábhartha, agus na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra, maidir le malartú faisnéise agus scaipeadh rabhadh, lena n-áirítear i gcomhthéacs an chomhair trasteorann, ná d’oibleagáidí na bpáirtithe lena mbaineann chun faisnéis a chur ar fáil faoi dhlí coiriúil na mBallstát.
5.
Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, i gcás inar gá agus i gcomhréir le forálacha ábhartha comhaontuithe idirnáisiúnta agus trádála, faisnéis rúnda a mhalartú le húdaráis rialála tríú tíortha a bhfuil socruithe rúndachta déthaobhacha nó iltaobhacha tugtha i gcrích acu leo lena ráthaítear leibhéal leordhóthanach rúndachta.
Fontnótaí
↑[57]
Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).