Airteagal 112: Meastóireacht agus athbhreithniú
1.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le leasú a dhéanamh ar an liosta in Iarscríbhinn III agus ar an liosta de chleachtais intleachta saorga atá toirmiscthe a leagtar síos in Airteagal 5, uair sa bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus go dtí deireadh thréimhse an tarmligin cumhachta a leagtar síos in Airteagal 97. Cuirfidh an Coimisiún torthaí an mheasúnaithe sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
2.
Faoin 2 Lúnasa 2028, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an méid seo leanas:
(a)
an gá atá le leasuithe lena leathnaítear ceannteidil limistéir atá ann cheana nó lena gcuirtear ceannteidil limistéir nua le hIarscríbhinn III;
(b)
leasuithe ar liosta na gcóras intleachta saorga a éilíonn bearta breise trédhearcachta in Airteagal 50;
(c)
leasuithe lena bhfeabhsaítear éifeachtacht an chórais maoirseachta agus rialachais.
3.
Faoin 2 Lúnasa 2029 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Áireofar sa tuarascáil measúnú maidir le struchtúr an fhorfheidhmithe agus an gá a d’fhéadfadh a bheith le gníomhaireacht de chuid an Aontais chun aon easnaimh a sainaithníodh a réiteach. Ar bhonn na dtorthaí, beidh togra chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil sin i gcás inarb iomchuí. Cuirfear na tuarascálacha ar fáil go poiblí.
4.
Leis na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 2, tabharfar aird shonrach ar an méid seo a leanas:
(a)
stádas acmhainní airgeadais, teicniúla agus daonna na n-údarás inniúil náisiúntaúdarás inniúil náisiúntaúdarás a thugann fógra nó údarás faireachais margaidh; a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga a chuireann institiúidí, gníomhaireachtaí, oifigí agus comhlachtaí an Aontais i mbun seirbhíse nó a úsáideann siad, déanfar tagairtí d’údaráis inniúla náisiúnta nó d’údaráis faireachais margaidh sa Rialachán seo a fhorléiriú mar thagairtí don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint SonraíArticle 3(48) chun na cúraimí a shanntar dóibh faoin Rialachán seo a dhéanamh go héifeachtach;
(b)
staid na bpionós, go háirithe, staid na bhfíneálacha riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 99(1), arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit maidir le sáruithe ar an Rialachán seo;
(c)
caighdeáin chomhchuibhithe agus sonraíochtaí coiteanna arna bhforbairt chun tacú leis an Rialachán seo a glacadh;
(d)
líon na ngnóthas a chuirtear ar an margadh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus líon na ngnóthas ar FBManna iad.
5.
Faoin 2 Lúnasa 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmiú na hOifige um Intleacht Shaorga, i dtaobh ar tugadh cumhachtaí agus inniúlachtaí leordhóthanacha don Oifig um Intleacht Shaorga chun a cúraimí a chomhlíonadh, agus an mbeadh sí ábhartha agus riachtanach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go cuí chun an Oifig um Intleacht Shaorgaan Oifig um Intleacht Shaorgafeidhm an Choimisiúin maidir le rannchuidiú le cur chun feidhme na gcóras intleachta saorga agus na samhlacha ilchuspóireacha intleachta saorga, agus le faireachán agus maoirseacht ar na córais agus na samhlacha sin, dá bhforáiltear i gCinneadh ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2024; tuigfear gur tagairtí don Choimisiún iad na tagairtí sa Rialachán seo don Oifig um Intleacht ShaorgaArticle 3(47) agus a hinniúlachtaí forfheidhmiúcháin a uasghrádú agus chun a hacmhainní a mhéadú. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir lena mheastóireacht faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
6.
Faoin 2 Lúnasa 2028 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir leis an athbhreithniú ar an dul chun cinn ar fhorbairt spriocanna insoláthartha caighdeánaithe maidir le forbairt atá tíosach ar fhuinneamh na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, agus measúnóidh sé an gá le bearta nó gníomhaíochtaí breise, lena n-áirítear bearta nó gníomhaíochtaí ceangailteacha. Déanfar an tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus poibleofar í.
7.
Faoin 2 Lúnasa 2028 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thionchar agus éifeachtacht na gcód iompair deonach chun cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 le haghaidh córais intleachta saorga a chothú seachas córais intleachta saorga ardriosca, mar aon le ceanglais bhreise eile maidir le córais intleachta saorga seachas córais intleachta saorga ardriosca, más féidir, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil.
8.
Chun críocha mhíreanna 1 go 7, cuirfidh an Bord, na Ballstáit agus na húdaráis inniúla náisiúnta faisnéis ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin dó agus gan moill mhíchuí.
9.
I gcur i gcrích na meastóireachtaí agus na n-athbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 1 go 7, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na seasaimh agus na cinntí ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, agus ó chomhlachtaí nó foinsí ábhartha eile.
10.
Más gá, tíolacfaidh an Coimisiún tograí iomchuí chun an Rialachán seo a leasú, ag cur san áireamh go háirithe forbairtí maidir leis an teicneolaíocht, tionchar na gcóras intleachta saorga ar an tsláinte agus an tsábháilteacht, agus ar chearta bunúsacha, agus i bhfianaise staid an dul chun cinn sa tsochaí faisnéise.
11.
Chun na meastóireachtaí agus na hathbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 1 go 7 den Airteagal seo a threorú, gabhfaidh an Oifig um Intleacht Shaorgaan Oifig um Intleacht Shaorgafeidhm an Choimisiúin maidir le rannchuidiú le cur chun feidhme na gcóras intleachta saorga agus na samhlacha ilchuspóireacha intleachta saorga, agus le faireachán agus maoirseacht ar na córais agus na samhlacha sin, dá bhforáiltear i gCinneadh ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2024; tuigfear gur tagairtí don Choimisiún iad na tagairtí sa Rialachán seo don Oifig um Intleacht ShaorgaArticle 3(47) uirthi féin modheolaíocht oibiachtúil agus rannpháirteach a fhorbairt chun meastóireacht a dhéanamh ar na leibhéil rioscarioscaan meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sinArticle 3(2) bhunaithe ar na critéir a leagtar amach sna hAirteagail ábhartha agus córais nua a áireamh sna nithe seo a leanas:
(a)
an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn III, lena n-áirítear na ceannteidil limistéir atá ann cheana a leathnú nó ceannteidil nua limistéir a chur leis san Iarscríbhinn sin;
(b)
liosta na gcleachtas toirmiscthe a leagtar amach in Airteagal 5; agus
(c)
liosta na gcóras intleachta saorga a éilíonn bearta breise trédhearcachta de bhun Airteagal 50.
12.
Maidir le haon leasú ar an Rialachán seo de bhun mhír 10, nó gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme ábhartha, a bhaineann le reachtaíocht chomhchuibhithe earnálach an Aontais a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn I, cuirfear san áireamh ann sainiúlachtaí rialála gach earnála, mar aon leis an rialachas atá ann cheana, measúnú comhréireachtameasúnú comhréireachtaan próiseas chun a léiriú ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III a bhaineann le córas intleachta saorga ardrioscaArticle 3(20) agus sásraí forfheidhmithe agus údaráis arna mbunú ann.
13.
Faoin 2 Lúnasa 2031, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fhorfheidhmiú an Rialacháin seo agus tuairisceoidh sé faoi do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus na chéad bhlianta de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo á gcur san áireamh aige. Ar bhonn na dtorthaí, beidh togra le haghaidh leasú ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, maidir le struchtúr an fhorfheidhmithe agus an gá atá le gníomhaireacht de chuid an Aontais aon easnaimh shainaitheanta a réiteach.